Gaelscoileanna

Cad is gaelscoil ann? Scoil ina múintear gach ábhar trí Ghaeilge i dtimpeallacht spreagúil thaitneamhach. Déantar forbairt iomlán ar an bpáiste trí churaclam leathan cuimsitheach. Feidhmíonn an ghaelscoil faoi ghnáthrialacha agus treoracha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Suíomh idirlín: www.iol.ie/gaelscoileanna

What is a gaelscoil? A school in which all subjects are taught through Irish in an attractive encouraging environment. The child is fully developed through a wide-ranging complete curriculum. The gaelscoil functions under the normal rules and regulations of the Department of Education and Science. Website: www.iol.ie/gaelscoileanna/

 

Cén fáth a gcuirfinn mo leanbh/leanaí ar ghaelscoil? 

(Why should I send my child/children to a gaelscoil?)

1.                   Foghlaimeoidh do pháistí an Ghaeilge trí cheol, spraoi, geáitsíocht agus rannta. Bainfidh siad taitneamh as an teanga a fhoghlaim agus beidh siad bródúil as a bheith in ann í a labhairt. Your child will learn Irish through music, play, gestures and rhymes. They will enjoy learning the language and they will be proud to be able to speak it.  

2.                   Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachta agus feasachta na duine. International research shows that being bilingual helps intellectual and cognitive development.  

3.                   Bíonn féinmhuinín níos airde ag páistí atá in ann dhá theanga a labhairt go héasca.  Children who are bilingual can often have enhanced self-esteem.  

4.                   Bíonn cur amach ag páistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ar a bhféiniúlacht chultúir féin mar Éireannaigh agus mar Eorpaigh. Tá seans níos fearr go mbeidh tuiscint agus meas acu ar dhaoine ó chultúir eile a labhraíonn teangacha éagsúla.Children who speak Irish understand their own cultural identity as Irish citizens and as Europeans. There is a better chance that they will understand and respect people of other races and cultures who speak different languages.  

5.                  Cabhraíonn an cumas sa dá theanga leis an bpáiste an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim nuair a bheidh siad níos sine.  Being bilingual will help your child learn a third and a fourth language when they are older.